Suaitheantas

Coláistí Samhraidh

Coláiste na nOiléan

Tá an t-ionad lonnaithe i dTír an Fhia, 30 míle siar ó chathair na Gaillimhe. Is i gceantar na nOileán atá Leitir Móir suite i gcroí lár na Gaeltachta. Is féidir dul thar dhroichead chun an oileán, ceann de na hionaid dheirneacha in Éirinn ina labhartar an Ghaeilge mar theanga bheo. Beidh taithí le fáil ag na scoláirí, mar sin, ar an nGaeilge mar theanga oibre i measc an phobail.

An phríomh aidhm atá ag na cúrsaí seo ná líofacht a thabhairt do scoláirí sa teanga chomh maith le tuiscint níos fearr a thabhairt ar saol na Gaeltachta. Chun cinntiú go bhfaigheann scoláirí agus tuismitheoirí luach iomlán a gcuid airgid beidh rialacha dochta maidir le labhairt na teanga le linn na gcúrsaí. Tabharfar cabhair agus tacaíocht faoi leith do scoláirí ar bheagán eolais faoin teanga. Cuirfear aon scoláire nach gco-oibríonn linn maidir leis na rialacha seo abhaile gan aisíoc a gcuid táillí mar go gcuireann siad bac ar scoláirí eile ar mian leo tairbhe iomlán a fháil ón gcúrsa

Coláiste Spleodar

Tá sé mar aidhm ag Spleodar meas don Ghaeilge a chruthú í ndéagóirí agus oideachas a thabhairt dóibh i gcomhoibriú agus i gcinnireacht.

I Spleodar Samhraidh múineann muid Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara, le meas don Ghaeilge a cruthú í ndéagóirí agus oideachas a thabhairt dóibh i comhoibriú agus cinnireacht.