Suaitheantas

Comhairle Ceantar na nOileán

Comhairle Ceantar na nOileán

Bunaíodh Comhairle Ceantar na nOileán Teo. mar eagraíocht dhaonlathach tofa ag an bpobal i mí Lúnasa 2000 leis an gceantar a chur chun cinn i ngach ghné d’fhorbairt áitiúil. Tháinig 80% den daonra amach chun vóta a chaitheamh ar an lá agus tá 15 baill tofa ar an gComhairle.

Is iad seo a leanas na baill den Chomhairle:

Baill

Máirtín Ó Laoi (Cathaoirleach)
Kevin Ó Flatharta (Leas Chathaoirleach) 
Maidhc Ó Curraoin (Rúnaí) 
Séamus Ó Ráinne (Cisteoir) 
Pádraic Ó Flatharta (Cisteoir) 

Seán Ó Loingsigh
Bairbre Brock
Tomás Ó Suilleabháin 
Pádraic Ó Gríofa 
Máirtín Mac an Ríogh 
Pádraig Ó Cuinn
Breda Ní Chualáin
Pól Ó Flatharta

Tugann Údarás na Gaeltachta cuidiú deontais do Chomhairle Ceantar na nOileán le bainisteoir lán-aimseartha a fhostú. Ó mí Márta 2006 is é Pádhraic Ó Biadha atá mar Bhainisteoir ar an gComhairle Ceantair. Is í Máirín Uí Ráinne, Riarthóir Oifige an Chomhairle Ceantair agus tá Eilís Ní Lochnáin fostaithe le cúnamh ó Ghael Saoire mar Chomhordnóir Turasóireachta.

Aidhmeanna na Comhairle

  • Is iad na mór-aidhmeanna atá ag an gComhairle ná:
  • Forbairtí eacnamaíochta sóisialta agus cultúrtha bunaithe ar na riachtainisí aitheanta a chur chun cinn sa cheantar ar mhaithe le caighdeán maireachtála an cheantair a fheabhsú.
  • Páirtíocht a bheith ag an bpobal áitiúil sa bpróiseas forbartha ag chuile leibhéal.
  • Riachtanaisí fostaíochta, áiseanna sóisialta, áiseanna caitheamh aimsire, seirbhísí poiblí, oideachais agus infrastruchtúir a aithint agus an phleanáil chuí a dhéanamh le forbairtí a chur chun cinn bunaithe ar na riachtanais seo.
  • Forbairtí éagsúla a chur i gcrích bunaithe ar riachtanaisí grúpaí ar leith sa phobal – an óige, daoine dífhostaithe, mná agus daoine aosta.
  • Acmhainní daonna agus acmhainní nádúrtha an cheantair a aithint agus iad a fhorbairt.
  • Múnla páirtnéireachta a forbairt ó bhun aníos agus comhoibriú a chothú le na heagrais forbartha cuí.
  • Timpeallacht Cheantar na nOileán a chaomhnú
  • Tacaíocht agus comhairle a thabhairt do na coistí éagsúla atá ag feidhmiú sa cheantar.
  • Comhoibriú agus tacaíocht a thabhairt don earnáil phríobháideach sa cheantar le aidhmeanna forbartha an cheantair a chur chun cinn.
  • Comhordú agus deá eagar a chinntiú idir gníomhaíochtaí na gcoistí éagsúla chun treasnáil a sheachaint.