|
Cultúr agus Féilte |
|
|
Pléaráca Chonamara Deireadh Fómhair
Bíonn Pléaráca Chonamara, féile ealaíon phobail na Gaeltachta ar bun i dtús an Fhómhair ar fud cheantar Gaeltachta Chonamara Theas. Déantar ceiliúradh ar na healaíona traidisiúnta chomh maith leis na healaíona comhaimseartha - damhsa, ceol, sean-nós, taispeántais, drámaíocht, imeachtaí do pháistí agus go leor eile. Spraoi agus spleodar ó Bhearna go Carna. Oireachtas na Samhna Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo 31 Deireadh Fómhair - 4 Samhain 2007
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht - ag na féilte, Oireachtas na Cásca agus Oireachtas na Samhna.
Aonach Capall an Tí Dóite: An Teach Dóite
Comórtas Thír na nÓg: Indreabhán
Rás an Turcaí: An Cheathrú Rua
|