Suaitheantas

Gáirdín na Mílaoise

Tá an togra seo faoi lán tseoil anois agus an gairdín atá taobh leis an séipéal i dTír an Fhia á mhaisiú mar áis don phobal agus do chuairteoirí sa cheantar araon.

Tá an gairdín ina ghairdín chuimhneachán ar Mhuintir Chonamara a d’imigh romhainn, ach tabharfaidh sé léargas freisin ar sheanchas na mílte bliain ó thaobh thraidisiún an cheantair idir bhéaloideas, chultúr agus gnásanna na ndaoine.

Tá airgead faighte cheana féin go deonach ón bpobal le cuid den obair seo a chur i gcrích. Anuraidh, fuair Comhairle Cheantar na nOileán Teo. deontas beag oidhreachta ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith. Péinteáladh bín an tséipéil le pictiúir naofa ón mBíobla, go háirithe iad siúd a raibh seanchas Gaelach ag baint leo chomh maith. Tá tobar, caisleán, bothán i gcomhair machnaimh agus go leor rudaí eile le bheith ar fáil sa ghairdín

Beidh treoirleabhar ar fáil go luath do chuairteoirí, agus treoraí i rith an árdséasúra.