|
Leitir Mealláin, Fornais agus Daighinis |
|
|
Leitir Mealláin Ciallaíonn Leitir taobh cnoic, Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar 1840. Bhí thart air 1700 acre agus 77 teach i gceist cheannaigh siad é ar €10,000. Fornais Deirtear amanna gur Fuar Inis a tugtar ar Fornais san sean aimsir. Is Oileán a bhí ann atá ceangailte le Leitir Mealláin anuas ag Droichead Chuigeil Bhig. Daighinis Tá oileán Dhaighinse suite amach ó Leitir Mealláin. Bhí dhá cheann déag de thithe cónaí ar an oileán sa mbliain 1891. Ba ar bhruach na farraige a bhí na tithe tógtha ag an am. Nuair a bhíodh siad ag tógáil tithe san am sin, is iad fhéin a rinne an moirtéal le tornóg aoil. Chuiridís Móin agus clocha aoil ós cionn a chéile istigh sa tornóg, ansin chuiridís tine faoi agus bhriseadh an teas na clocha aoil. Is le Púdar na gclocha a dhéanfadh siad moirtéal. San aimsir dheirneach ní raibh ann ach trí theach cónaí, siad sin Tigh Tom Bheartla, Tigh Mhaidhc Thaidhg agus Tigh Tom Mhaidhlín. Níl duine ná deoraí ag fanacht ar an oileán anois mar gur thug na daoine an mór thír orthu féin. Is Oileán é a bhfuil tú in ann siúl isteach ann as foirnis ar thrá mhór. Tá áit ó thuaidh den loch ar chúl an oileán agus tugtar Bóthar an Naomh air. Tá sé le feiceáil i mbarr an chladaigh san áit a dtugtar Poll na gcearc air, atá taobh thiar aduaidh den oileán. Is cloch dhubh atá ann, thart ar chuig throigh ar leithead. Deirtear gur thoir i gCois Fharraige a thosaíonn bóthar na Naomh, ag teacht anoir tríd an gCnoc, as sin go Daighinis, siar go Bior agus chomh fada le Oileán Mhic Dara. Ó thuaidh de pholl na gcearc tá Sliabh Rua agus tá leac le feiceáil san áit seo agus scríbhinn air. Cuireadh an cumhacht leictreachais isteach ar an oileán sa mbliain 1975.
|