Tosnaíonn an tsiúlóid seo ag Séipéal Leitir Móir. Cas siar agus siúl 800Km thar
dhá Reilig agus thar Oifig an Phoist. Tá Cnoc Leitir Móir ar dheis an t-am ar fad.
Siúlann tú ar aghaidh ar feadh 2.08Km go dtí go dtagann tú chuig crosbhóthar
Leitir Caladh. Tá Cnoc Leitir Caladh ar chlé. Tabharfaidh an bóthar seo trasna
go dtí an taobh ó thuaidh den oileán tú ar feadh 2.24Km chomh fada leis An
Sruthán Buí. Is anseo a chum Colm de Bhailís Cúirt an tSrutháin Bhuí.
Lean an bóthar agus tóg an chéad casadh ar chlé. Tabharfaidh an bóthar seo soir
thar Chnoc Leitir Móir tú, tá radharc álainn le feiceáil ón mbóthar seo amach ar
Inis Treabhar agus Eanach Mheáin ón áit a dtugtar an Doirín Glas air. Tá 6.08Km
déanta agat ag an tráth seo. Ag deireadh an bhóthair, cas ar dheis agus taréis 8Km
tiocfaidh tú ar ais chuig Séipéal Leitir Móir.
| Fad: |
8 Km |
| Am: |
2.5 uair |
| Grád: |
Éasca |
Ar ais >>>