Cas siar ag crosbhóthar Thír an Fhia. Tá Loch an Ghainimh ar thaobh na láimhe
clé. Siúl 560m chomh fada le Céibh Ghleann Trasna. Tá Inis Bearachain ar
d'aghaidh amach, coinnigh ort 800m i dtreo na hUaimíní. Casann an bóthar ar
chlé agus ó dheas i dtreo Chnoc Chathail Óig. Tá tírdhreach eibhir Gharumna le
feiceáil ag síneadh uait ar thaobh na láimhe clé. Éiríonn an bóthar ós cionn na
farraige agus taréis 4.8Km tá Cuan Chaisín agus Leitir Mealláin le feiceáil ar
thaobh na láimhe deise.
Siúl ar aghaidh go dtagann tú chuig crosbhóthar Bhaile na Cille, tá 6.88Km
déanta anois agat. Cas ar chlé. Tá Loch Bhaile na Cille ar thaobh na láimhe
deise. Siúl ar aghaidh go dtagann tú chuig crosbhóthar Gharumna. Lean an
bóthar a bhfuil tú air. Tá Loch an Bhalla ar thaobh na láimhe clé. Tá 1.6Km
siúlóide ort ar ais chuig crosbhóthar Thír an Fhia.
| Fad: |
9.6 Km |
| Am: |
3.5 uair |
| Grád: |
Éasca |
Ar ais >>>