|
Ceantar na nOileán |
|
|
Grúpa oileáin é Ceantar na nOileán suite idir Cuan Chill Chiaráin agus Cuan an Fhir Mhóir, 56km siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá na hOileáin ceangailte den mhórthír le droichid a tógadh ag deireadh an chéid seo caite. Siad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomh oileáin agus tá oileáin bheaga eile ag síneadh amach uathu. Mar a bheifí ag súil leis i ndeisceart Chonamara, sí an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine. Tá an ceantar seo ar cheann de na ceantair is saibhre teanga agus cultúr sa Ghaeltacht. I dteannta an tsaibhris chultúrtha seo, tá áilleacht nádúrtha dá cuid féin ag baint leis an gceantar seo. Cén fáth nach dtugann tú cuairt orainn agus an áit a fheiceáil duit féin? ‘Tá an togra seo cuidithe ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo faoin Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe’.
Forbairt Idirlíon de chuid: Niall Mac Uidhilín & Breda Ní Chualáin.
|