top of page

Coláistí Gaeilge

Coláistí Gaeilge: Text
Logo_thumbnail-removebg-preview_180x.png

Coláiste Gharumna

Coláiste Gharumna

Freastalaíonn Coláiste Gharumna ar mhúinteoirí a fuair a gcuid oiliúna thar lear. chun cur ar a
gcumas an Ghaeilge a mhúineadh go buan i scoileanna in Éirinn, is gá dóibh pas a fháil sa
scrúdú SCG. Cuireann Coláiste Gharumna cúrsa seachtaine ar fáil atá dian go leor mar
Ullmhúchán don SCG agus OCG. Chomh maith leis na cúrsaí seo tá deireadh seachtaine
gairmiúil ar a bhfuil gá acu le Gaeilge ina gcuid oibre.
Tá lóistin ar fáil in aice leis an gcoláiste sin. Is féidir leat taitneamh a bhaint as saol agus cultúr
na Gaeltachta. Imeachtaí san oíche lena chinntiú go mbainfidh tú sult agus fiúntas as do
thréimhse linn agus go mbainfidh tú tairbhe as freisin.

Tá cúrsa ullmhúcháin le haghaidh na
hArdteistiméireachta freisin agus chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh arís.


Féach www.colaistegharumna.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Coláistí Gaeilge: About Us
unnamed.jpg

Coláiste Spleodar

Bíonn campaí samhraidh ar siúl ag Spleodar i Leitir Mealláin. Bíonn na cúrsaí ar siúl ó
Mheitheamh go dtí Lúnasa, 3 seachtaine ar fad le haghaidh gach cúrsa. Fanann na daltaí i dtithe
in aice leis an gcoláiste, i dtithe ina labhraítear an Ghaeilge i gcónaí. Chomh maith le
ceachtanna, bíonn imeachtaí mar spórt éagsúla, drámaíocht, amhránaíocht, ceol agus céilí san
oíche. Tá cúrsaí sóisearacha agus sinsearacha ar fáil, chomh maith le leanúint suas le
himeachtaí ar nós "An Tóstal", turas mistéir agus clubanna éagsúla agus ceardlanna.
Féach www.spleodar.com le haghaidh tuilleadh eolais

Coláistí Gaeilge: About Us
Screenshot 2020-09-12 at 12.12.32.png

Coláiste na nOileán

Bíonn campaí samhraidh ar siúl ag Coláiste na nOileán do mhic léinn ó 10 - 18 mbliana d'aois.
Cuirtear scoláirí i dtithe in aice leis an gcoláiste agus ar an gcaoi sin bíonn siad tumtha go
hiomlán sa nGaeilge. Meastar gurb é seo an bealach is fearr chun an teanga a fhoghlaim.

Déantar imeachtaí agus ceachtanna sa lá, agus bíonn céilí agus oíche téama ann freisin.
Féach www.colaistenanoilean.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Coláistí Gaeilge: About Us
bottom of page