top of page

I mBun Pinn

Seoladh cnuasach nua scríbhneoireachta ‘I mBun Pinn’ i mí na Samhna 2021. Is de thoradh ceardlann scríbhneoireachta, faoi stiúir Chiarán Uí Fhátharta agus Áine Durkin, an cnuasach seo. De bharr ghéarchéim Covid 19, is ar an gcóras Zoom a reáchtáladh na ceardlanna seo agus tá éacht bainte amach ag na scríbhneoirí.
 

Is le tacaíocht ó Scéim Forbartha na nEalaíon de chuid Ealaín na Gaeltachta 2020 a d’eagraigh Glór na nOileán an togra seo. De bharr gur ar an gcóras Zoom a bhí na ceardlanna á reáchtáil mealladh rannpháirtithe ó Ghaeltachtaí eile, agus sa gcnuasach seo tá saothar le scríbhneoirí as Conamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Corcaigh. An ghné is suntasaí faoin saothar ná go bhfuil sé uilig i nGaeilge shaibhir agus bhlasta agus canúintí na nGaeltachtaí agus na limistéar éagsúil chun cinn ann.
 

Is féidir cóip den chnuasach a cheannach ach teagmháil a dhéanamh le Glór na nOileán
pleanteangacnn@gmail.com / 087 3320022.

 

Screenshot 2020-09-12 at 11.43_edited.png
Déan Teagmháil
bottom of page