top of page

‘Mar a bhí, Mar atá’
Sraith nua podchraoltaí as Ceantar na nOileán!

Tá sraith podchraoltaí, ‘Mar a bhí, mar atá’, á thaifead faoi láthair ag daoine óga as Ceantar na nOileán, faoi scáth Ghlór na nOileán. Clúdaíonn Glór na nOileán an ceantar ó Bhéal an Daingin go Leitir Mealláin. Beidh téama éagsúil á chlúdach i chuile eagrán, cúrsaí mara, cúrsaí stiléireacht agus cúrsaí ceoil ina measc. Beidh plé á dhéanamh idir an saol mar a bhí sé sa gceantar agus mar atá sé anois. Is ar an ardán Spotify a bheidh na pod chraolta le cloisteáil.

  • Facebook
  • Twitter
  • Instagram

Is togra de chuid Ghlór na nOileán é seo, le tacaíocht ó Chomhairle Ceantar na nOileán, mar chuid de cheiliúradh Oíche Chultúir na bliana seo. Beidh an chéad eagrán á sheoladh ar Oíche Chultúir agus ar fáil don phobal ón lá sin ar aghaidh. Deir Máire-Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Ghlór na nOileán faoin togra ‘Tá mud uile ar bís faoin togra seo, seo smaoineamh a tháinig óna daoine óga fhéin agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Ceantar na nOileán tá muid in ann an deis a chur ar fáil dóibh tabhairt faoi. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tógáil ar an srath seo sa todhchaí’

Tá Treasa Bhreathnach ó RTÉ Raidió na Gaeltachta théis comhairle a chur ar na daoine óga seo agus iad a ullmhú don phróiseas, taithí luachmhar do dhéagóirí óga. Seo mar a labhair Feidhlim Ó Cualáin atá páirteach sa togra faoi ‘Deis atá anseo forbairt a dhéanamh ar na suimeanna atá againn agus cur lenár scileanna. Tá muid ag baint an-sásamh as!’

Éist ar.png

Taighdeoir / Láithreoir: Colm Ó h-Ógáin

Teicneoir / Eagarthóir: Feidhlim Ó Cualáin

Tuilleadh eolais: Máire-Áine Uí Ailín

087 3320022.

bottom of page